Skip to content

Sinéad Ní Anluain

Fáilte go domhan draíochtach Shinéad Ní Anluain, mar a dtagann só inbhuanaithe le galántacht shíoraí.

Tum thú féin isteach i ndomhan mar a bhfuil oidhreacht na hÉireann agus an nuálaíocht fite fuaite le chéile chun giuirléidí agus faisean gleoite agus ilúsáide a chruthú.

Cuir eolas ar an aistear fíorshuimiúil a bhí ag dearthóir faisin Éireannach agus físeach a fhíonn le chéile go réidh an traidisiún agus an indibhidiúlacht.

Tá oidhreacht na hÉireann agus iontais dhraíochtacha an dúlra mar inspioráid ag aistear Shinéad, aistear lán paisin, a chuimsíonn fíoréirim thírdhreacha na hÉireann agus a léiríonn a grá domhain ar an dúlra. Tum thú féin in áilleacht a saothar mar a dtagann an t-am atá caite agus an t-am i láthair le chéile go réidh.

Maidir le Sinéad

Is dearthóir mór le rá Éireannach faisin agus giuirléidí í Sinéad Ní Anluain a bhfuil clú uirthi as a saothair shó ilúsáide. Tá sí lonnaithe go seascair in oirthuaisceart álainn na hÉireann, le Cnoc na Riabh ar thaobh amháin, Binn Ghulbain ar an taobh eile agus an t-aigéan ollmhór ar leac a dorais. Léiríonn saothair Shinéad fíoréirim na dtírdhreach is inspioráid di.

Tá clú uirthi as a máistreacht ar an mbróidnéireacht, agus an mhínealaín a bhaineann le teicnící traidisiúnta lámhcheardaíochta. Athraíonn sí go hiomlán ola, bréidín agus línéadach a aimsítear sa cheantar agus cruthaíonn sí píosaí buansíoraí a léiríonn ceardaíocht agus meas domhain ar an traidisiún Éireannach.

Déanann saothair Shinéad Ní Anluain ceiliúradh ar chumasc comhchuí na hoidhreachta agus na nuálaíochta mar a bhfíonn só go réidh leis an inbhuanaitheacht, ag cur bhunéirim na hindibhidiúlachta Éireannaí i ngach ball éadaigh.

Bhí a dearthaí a bhfuil duaiseanna bainte acu i dtaispeántais agus i bhfoilseacháin mór le rá go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Celtic cross graphic

An Inspioráid

Ar chósta thiar na hÉireann, mar a bhfíonn áilleacht an dúlra le macallaí na staire, aimsíonn Sinéad Ní Anluain a spreagadh. Tá a hinspioráid fite ó ghréasán saibhir oidhreacht na hÉireann agus tírdhreacha gan cheansú na hÉireann.

Le hurraim mhór don traidisiún agus tiomantas gan staonadh don cheardaíocht, ní hé amháin go gcuireann a bailiúcháin thras-séasúracha beocht i scéalta atá chomh sean leis an gceo, ach léiríonn siad dúthracht dhiongbháilte do thodhchaí inbhuanaithe. Faoi threoir phrionsabail an fhaisin fhadálaigh déanann Sinéad a dearthaí a shaothú go hoilte ag úsáid ábhair a aimsíodh go háitiúil.  Ina measc seo tá scoth na holla Éireannaí, bréidín áitiúil Dhún na nGall den chúigiú glúin de lucht a shaothraithe agus éadach inbhuanaithe.

Faisean le coinsias

Ag croílár a hinspioráide tá tiomantas domhain d’fholláine ár bplainéid ríluachmhair. Roghnaíonn Sinéad ábhair le go cairéiseach coinsiasach. Mar chaomhnóir inbhuanaitheachta, saothraíonn sí earraí só le cúram, ag iarraidh ar lucht a gcaite a bhrath ní hamháin go bhfuil siad álainn agus galánta, ach go bhfuil siad nasctha go láidir le hoidhreacht na hÉireann, leis an dúlra agus lena saintréithe féin.

Contact Sinéad

This field is for validation purposes and should be left unchanged.